Lo-Call 1890 720 820     All treatment carried out under the NTPF is free
Nurse - Patient Image NTPF Logo
Return to home page
What is the NTPF?
How does it work?
Do I qualify?
Where will I be treated?
How can I be treated?
Your questions answered
Patients Stories
Patients Satisfaction Surveys
Healthcare Professionals
News
Freedom of Information
Public Service Information Policy
Contact Us
Useful Links


click for information on the Nursing Homes Support Scheme


click to visit the PTR website

PTR Home


  • An Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála - Cairt Othar

    Réamhrá
    Leagann an Straitéis Sláinte - Ardcháilíocht agus Cothroime - córas Sláinte duitse béim nua ar amanna feithimh, agus tugann sé cuntas ar a riachtanaí is atá sé beart a dhéanamh láithreach. Ar cheann de na rudaí a rinneadh le dul i ngleic le fadhb na liostaí feithimh tá bunú an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála. Bhunaigh an Rialtas an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) in 2002 chun cóireáil a sholáthar do na hothair sin ab fhaide a bhí ar liostaí na n-ospidéal poiblí ag fanacht ar obráid. Tá sé ina eagraíocht reachtúil ó 1 Bealtaine 2004 i leith.

    Is é an sainchúram reatha atá air ná díriú ar na hothair phoiblí sin is faide atá ag fanacht ar liostaí feithimh na n-ospidéal poiblí agus obráidí a cheannach dóibh go príomha in ospidéil phríobháideacha in Éirinn agus thar lear nuair is gá é sin. Fógraíodh dhá thionscnamh nua le déanaí - An Clár Cóireála Othar - bunachar sonraí náisiúnta na liostaí feithimh, agus Clár Píolótach um Othair Sheachtracha.

    Is ar an othar atá obair an NTPF dírithe agus é d’aidhm aici cóireáil agus cúram ardchaighdeáin a sholáthar do na hothair sin is faide atá ar na liostaí feithimh.

    Ráiteas Misin
    Is é misean an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála cloí le Straitéis Sláinte an Rialtais agus am feithimh na n-othar poiblí atá ar liostaí feithimh na n-ospidéal a laghdú trí rogha a thabhairt dóibh maidir le cóireáil a fháil go tapa slán agus ardchaighdeán sástachta a bheith acu mar othair. Comhlíonfaidh an NTPF an misean seo trí:

    •   Tús áite a thabhairt do riachtanais an othair
    •   Caighdeán um chúram othar a chinntiú
    •   Torthaí agus feidhmíocht a thomhas
    •   Clár Cóireála Othar ar féidir brath air a oibriú mar bhonn le hamanna feithimh a mheas
    •   Caidreamh comhoibritheach a choinneáil le hospidéil, le lianna comhairleacha agus le hothair sheachtracha
    •   Feidhmiú go héifeachtach
    •   Luach ar airgead a fháil

    Tiomantas d’Othair
    Táimid tiomanta do:

    •   Seirbhís eiticiúil faoi rún a sholáthar
    •   Seirbhís ardcháilíochta a sholáthar go héifeachtach agus leis an moill is lú
    •   Caidreamh oibre den scoth a bheith againn lenár n-othair
    •   Deimhin a dhéanamh de go dtugtar tús áite do thosaíochtaí na n-othar nuair atá ár seirbhísí a gcur ar fáil dóibh

    Caighdeáin Seirbhíse
    Is iad seo a leanas na caighdeáin seirbhíse atá againn

    •   Go gcaitear go hurramach béasach le gach othar
    •   Go dtugtar freagra tapa ar gach glao teileafóin chuig ár n-uimhir íosghlao
    •   Go n-inseoidh na baill foirne a fhreagraíonn an teileafón cé hiad féin agus na hoifigí lena mbaineann siad
    •   Más rud é nach féidir leis an bhfoireann do cheist a fhreagairt láithreach glacfaidh siad do shonraí teagmhála agus inseoidh siad duit cathain is féidir leat a bheith ag súil le freagra uainn.
    •   Tá líne íosghlao an NTPF ar oscailt 24 uair sa lá. Bíonn baill foirne ag freastal air ó 9 r.n. go 5 i.n. ó Luan go hAoine agus taifeadtar teachtaireachtaí ag amanna eile. Tabharfar freagra ar theachtaireachtí laistigh de 24 uair nó ar an gcéad lá oibre eile.
    •   Is i dteanga shoiléir chruinn is furasta a thuiscint a dhéanfar gach comhfhreagras
    •   Tabharfaimid freagra laistigh de sheacht lá oibre ar theachtaireachtaí ar litreacha ó othair nó ó dhaoine atá ag scríobh thar a gceann.
    •   Coinneofar othair ar an eolas faoin dul chun cinn atá á dhéanamh faoina gcásanna
    •   Déanfar gach eolas faoi othair a láimhseáil faoi réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003

    Comhionannas/Éagsúlacht
    Táimid tiomanta do sheirbhís a chur ar fáil a shásaíonn na prionsabail atá leagtha síos sa reachtaíocht um chomhionannas.

    Cúrsaí Rochtana
    Bíodh is nach mbíonn ar othair taisteal go dtí ár n-oifigí coinnítear glan slán iad agus is féidir le hothair a bhfuil míchumas orthu iad a rochtain.

    Faisnéis
    Tá ár bhfoireann tiomanta d’fhaisnéis chruinn shoiléir a chur ar fáil d’othair i gcónaí. Féadfaidh tú ár mbileog eolais d’othair a fháil ar ár láithreán gréasáin. Tugann sí gach eolas faoinár seirbhísí agus cad ar féidir leat a bheith ag súil leis más othar tú. Is féidir í seo a fháil freisin ag ár n-uimhir íosghlao 1890 720 820

    http://www.ntpf.ie/download/Patient Booklet - Edition 2.pdf

    Inseofar an fáth duit más rud é nach bhfuilimid in ann an fhaisnéis a iarrann tú a thabhairt.

    Tráthúlacht agus Cúirtéis
    Déanfaidh an fhoireann a ndícheall déileáil go cúirtéiseach tapa éifeachtach le gach ceist ó othar. Gníomhóimid go hionraic neamhchlaonta cothrom i gcónaí.

    Aiseolas
    Rud an-tábhachtach dúinn is ea do bharúil a chloisteáil. Eisímid ceistneoirí aiseolais sa ghnáthchúrsa chuig gach othar a ndéantar cóireáil air nó uirthi. Déantar monatóireacht leanúnach orthu agus cuirtear san áireamh iad sna hiarrachtaí leanúnacha a dhéanaimid feabhas a chur ar ár seirbhís agus muid ag díriú ortsa mar othar.
    Inis dúinn le do thoil má tá gné ar bith dár seirbhís a thaitin go speisialta leat.

    Gearáin
    Déanaimid iarracht déileáil le gach gearán ag an bpointe seirbhíse. Má tharlaíonn sé nach bhfuil tú sásta leis an gcaighdeán seirbhíse a fuair tú, agus má mheasann tú nach féidir leat an scéal a réiteach leis an mball foirne atá i gceist, féadfaidh tú scríobh chugainn ag an seoladh thíos. Déileálfar le gach gearán ar bhealach tapa cóir neamhchlaonta.

    Ainm
    An Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála
    Teach Átha na Fuinseoige
    Sráid na Teamhrach
    Baile Átha Cliath 2

    Ma tà tù mì-shàsta le cinneadh bhur gearàn, is feider leat teaghmhàil a dheanamh le Oifig an Ombudsman.

    Cuireann an tOmbudsman seirbhís ar fáil saor in aisce, neamhchlaon agus neamhspleách, chun díospóidí a réiteach.

    Chun chomhthadall a dhéanamh linn:

       Oifig an Ombudsman
       18, Sráid Líosain Íochtarach,
       Baile Átha Cliath 2.

       Teil: LóGhlach 1890 22 30 30
       Teil: 01 639 5600
       Facs: 01 639 5674
       Ríomhphost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
       www.ombudsman.ie

    Privacy Statement